{"product_id":"breantas-bertie-brocach-book","title":"Bréantas! Bertie Brocach - Leabhar","description":"\u003cp\u003eBréantas! Bertie Brocach - Leabhar\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eSeo é Bertie Brocach — an buachaill is brocaí, is bréine agus is dána dá bhfaca tú riamh. Cuirfidh sé alltacht ort, cuirfidh sé déistean ort, agus b’fhéidir fiú go gcuirfidh sé ag gáire thú. Más maith leat mísc, brocamas agus beagán diabhlaíochta, suí siar agus bain taitneamh as an scéal.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTá trí leabhar ón tsraith Dirty Bertie, le Alan MacDonald agus léaráidí le David Roberts, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus aistrithe go Gaeilge ag Marion Ní Shúilleabháin.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eTá trí scéal ghreannmhara ann faoi eachtraí gan chiall agus faoi chleasa dána an ghasúir lofa seo — scéalta a fhágfaidh idir gháire agus ghliondar thú.\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eBréantas! Srannadh! Cleas!\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003eBuail le Bertie Brocach, buachaill lán de nósanna gránna agus pleananna mire. Má tá trioblóid le fáil áit ar bith, is cinnte go mbeidh Bertie i lár an aonaigh. Sa chnuasach seo, leanann muid é agus é ag tabhairt folctha do Whiffer, ag dul ar thuras scoile, agus fiú ag cur lámh i ndearadh éide nua na scoile — le toradh nach bhféadfá a shamhlú!\u003c\/p\u003e","brand":"Cló Iar-Chonnacht","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":54678172958988,"sku":"Bréantas! Bertie Brocach - Book","price":8.0,"currency_code":"EUR","in_stock":false}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0653\/6373\/8892\/files\/spailpin-breantas-bertie-brocach-gaeilge-irish-books.jpg?v=1770984426","url":"https:\/\/www.spailpin.ie\/ga\/products\/breantas-bertie-brocach-leabhar","provider":"Spailpín","version":"1.0","type":"link"}