{"product_id":"seeing-whats-hidden-uncovering-irelands-ancient-ways-of-knowing-by-manchan-mangan-book","title":"Seeing What's Hidden: Uncovering Ireland's Ancient Ways of Knowing le Manchán Mangan - Leabhar","description":"\u003cp\u003eSeeing What's Hidden: Uncovering Ireland's Ancient Ways of Knowing le Manchán Mangan - Leabhar\u003c\/p\u003e\n\u003cp data-pm-slice=\"1 1 []\"\u003e\u003cspan\u003eIna leabhar deireanach, impíonn Manchán Magan orainn – tugann sé dúshlán dúinn, fiú – bogadh ón saol teoranta réasúnach chuig saol spioradálta atá níos fairsinge. Ár n-iontas faoin saol a mhúscailt arís. A thuiscint go bhfuil bealaí eile ann le rudaí a fheiceáil, bealaí eile le heolas a fháil, agus an ceangal atá idir gach uile ní a thabhairt chun solais.\u003c\/span\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003cspan\u003eFiosraíonn Manchán an chaoi a bhfuil macallaí doimhne de dhearcthaí dúchasacha eile ar an domhan fós le brath i seanchultúr na hÉireann – bealach le talamh, teanga, nádúr agus spiorad a thuiscint mar nithe atá fite fuaite ina chéile agus nach féidir a scaradh óna chéile.\u003c\/span\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003cspan\u003eAg tarraingt ar an miotaseolaíocht, ar an tseandlí, ar an mbéaloideas agus ar logainmneacha, rianaíonn Manchán an chaoi ar mhúnlaigh foraoisí, crainn naofa agus tírdhreacha na hÉireann meon na nÉireannach le teacht aniar chomh láidir sin go maireann cuid mhór de na creidimh agus de na nósanna sin go dtí an lá atá inniu ann.\u003c\/span\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003cp\u003e\u003cspan\u003eIn \u003c\/span\u003e\u003cem\u003e\u003cspan\u003eSeeing What’s Hidden\u003c\/span\u003e\u003c\/em\u003e\u003cspan\u003e, impíonn Manchán orainn breathnú as an nua, ionas go bhféadfaimisne freisin ár n-oidhreacht chultúrtha a athaimsiú agus ár mbealach chun cinn as seo amach a aimsiú.\u003c\/span\u003e\u003c\/p\u003e","brand":"Gill Books","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":62089827975436,"sku":"Seeing What's Hidden: Uncovering Ireland's Ancient Ways of Knowing by Manchán Mangan - Book","price":22.99,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0653\/6373\/8892\/files\/spailpin-seeing-whats-hidden-manchan-magan-gaeilge-irish-books.jpg?v=1789726123","url":"https:\/\/www.spailpin.ie\/ga\/products\/seeing-whats-hidden-uncovering-irelands-ancient-ways-of-knowing-le-manchan-mangan-leabhar","provider":"Spailpín","version":"1.0","type":"link"}