Grá don Ghaeilge. Grá don Cheird.

Ó 1979 i leith, tá An Spailpín Fánach ag scagphriontáil de láimh inár gceardlann sa Spidéal, i gcroílár Ghaeltacht Chonamara.

Ón tús amach, bhí sprioc shoiléir againn: an Ghaeilge a thabhairt isteach i saol laethúil daoine ar bhealach nua-aimseartha, feiceálach agus inchaite. Thosaigh sé le suaitheantais, greamáin agus t-léinte, ach tá an bailiúchán tar éis fás go mór ó shin. Mar sin féin, tá an smaoineamh céanna fós mar bhunús lenár gcuid oibre.

Tá an Ghaeilge fite fuaite i ngach rud a dhéanaimid. Ní úsáidimid í mar go bhfuil sí i mbéal an phobail ná mar go bhfuil sí faiseanta. Ní mar sin a bhí riamh. Bhí sí mar chuid dínn ón tús, mar chuid dár bhféiniúlacht.

Déantar an dearadh agus an phriontáil trí scáileán ar fad againn féin, agus an cheardaíocht i gcroílár gach céim den phróiseas. Ónár mbunáit in An Ceardlann, cois farraige sa Spidéal, leanaimid orainn ag cruthú dearaí nua agus muid fós fréamhaithe san áit agus sa teanga a mhúnlaigh sinn.

Sa lá atá inniu ann, chomh maith lenár gcuid táirgí féin, tá réimse níos leithne de tháirgí Gaeilge agus táirgí spreagtha ag an nGaeltacht le fáil inár siopa, do mhuintir na háite, do chainteoirí Gaeilge agus do chuairteoirí ar mian leo píosa den chultúr sin a thabhairt leo.

Sin mar a thosaigh Spailpín. Agus sin mar a leanfaidh sé.