Léim go dtí faisnéis an táirge
1 de 1

Gill Books

An Irish Word for Every Occasion le Hector Ó hEochagáin - Leabhar

An Irish Word for Every Occasion le Hector Ó hEochagáin - Leabhar

Gnáthphraghas €23,99
Gnáthphraghas Praghas díola €23,99
Ar Lascaine Díolta Amach
Cánacha san áireamh. Ríomhtar costas an tseachadta ag an tseiceáil amach.

15 i stoc

TUGANN AN GAEILGEOIR IS MÓ A THAITNÍONN LE MUINTIR NA hÉIREANN AN MISNEACH DUIT GAEILGE A LABHAIRT GACH LÁ SA TRÍÚ LEABHAR DÁ THRÍOLÓG

Ar theastaigh uait riamh babhta deochanna a ordú i do theach tábhairne áitiúil — as Gaeilge? Nó do chuid Gaeilge a úsáid le duine éigin ag an obair a iarraidh amach ar dháta, glaoch isteach le rá go bhfuil tú tinn, gearán a dhéanamh faoi bhéile nach raibh tú sásta leis, nó seasamh os comhair grúpa daoine ag an obair agus tú féin a chur in aithne den chéad uair?

Bhuel, anois is féidir leat é sin ar fad a dhéanamh le cabhair Hector Ó hEochagáin, an Gaeilgeoir a bhfuil gean ag chuile dhuine air, agus a leabhair Irish Words for Every Occasion.

Cuireann an leabhar iontach nua seo clabhsúr leis an tríológ mhóréilimh a bhfuil gradaim buaite aici. Thug an chéad dá leabhar na focail duit. Anois tá sé in am na focail áille sin a chur le chéile. Tá sé in am tosú ag caint!

Baineann an leabhar seo leis an gcéad chéim mhisniúil sin a thógáil, muinín a chur ionat féin chun Gaeilge a labhairt, teagmháil a dhéanamh le daoine eile agus an Ghaeilge a thabhairt isteach sna gnáthchomhráite beaga a bhíonn againn chuile lá.

Ón áit oibre go dtí an teach tábhairne, ó na huaireanta náireacha go dtí an craic agus an spraoi, taispeánann Hector duit an chaoi le focail a chur le chéile agus fíorchomhráite a dhéanamh astu. Agus é sin ar fad inár dteanga álainn féin.

Tá sé in am d'oidhreacht a athshealbhú — agus tosú ag caint!

Postas & Seachadadh

Éire
An chéad lá oibre eile de ghnáth ach uaireanta is féidir go dtógfaidh sé 2 lá. Má tá tú i do chónaí áit éigin i gceantar an Spidéil, cad chuige nach dtiocfá isteach agus d'ordú a bhailiú.

Tuaisceart Éireann
2–4 Lá oibre

Seachadadh Idirnáisiúnta
An Ríocht Aontaithe: 3-5 lá oibre
An Eoraip: 3-7 lá oibre
SAM: 7-14 lá oibre
An Chuid Eile den Domhan: 7–21 lá oibre

Líon
Féach na sonraí iomlána