Léim go dtí faisnéis an táirge
1 de 1

Spailpín

Báidín Fheilimí - Suaitheantas

Báidín Fheilimí - Suaitheantas

Gnáthphraghas €2,00
Gnáthphraghas Praghas díola €2,00
Ar Lascaine Díolta Amach
Cánacha san áireamh. Ríomhtar costas an tseachadta ag an tseiceáil amach.
  • Faigh 1 suaitheantas saor in aisce le chuile 5 shuaitheantas a cheannaíonn tú!*

I stoc

Méid

Báidín Fheilimí - Suaitheantas

Tá Báidín Fheilimí ar cheann de na hamhráin thraidisiúnta is cáiliúla ó Ghaeltacht Dhún na nGall, agus tá baint ar leith aige le Gabhla, amach ó chósta Ghaoth Dobhair. Insíonn an t-amhrán scéal Fheilimí agus a bháidín agus é ag seoladh thart ar chósta Dhún na nGall, agus luaitear áiteanna ar nós Ghabhla agus Thoraí ann. Mar gheall ar na focail shimplí athráiteacha agus an fonn bríomhar atá leis, tá an-tóir air leis na glúnta i measc cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí araon. Ciallaíonn an teideal “Bád Beag Fheilimí”, agus tá dlúthbhaint fós ag an amhrán le cultúr na farraige agus le traidisiún na Gaeilge in iarthuaisceart Dhún na nGall.

Báidín Fheilimí d’imigh go Gabhla,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
Báidín Fheilimí d’imigh go Gabhla,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.

Curfá
Báidín bídeach, báidín beosach,
Báidín bóidheach, báidín Fheilimí.
Báidín díreach, báidín deontach,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.

Báidín Fheilimí d’imigh go Toraí,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
Báidín Fheilimí d’imigh go Toraí,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.

Báidín Fheilimí briseadh i dToraí,
Báidin Fheilimí is Feilimí ann.
Báidín Fheilimí briseadh i dToraí,
Báidin Fheilimí is Feilimí ann.

Báidín Fheilimí briseadh i dToraí,
Iasc ar bhord agus Feilimí ann.
Báidín Fheilimí briseadh i dToraí,
Iasc ar bhord agus Feilimí ann.

Postas & Seachadadh

Éire
De ghnáth an chéad lá oibre eile ach is féidir 2 lá a thógáil uaireanta. Má tá tú i do chónaí gar do an Spidéal, cén fáth nach dtagann tú isteach chun bailiú?

Tuaisceart Éireann
2–4 lá oibre

Seachadadh Idirnáisiúnta
An Ríocht Aontaithe: 3-5 lá oibre
An Eoraip: 3-7 lá oibre
SAM: 7-14 lá oibre
An Chuid Eile den Domhan: 7–21 lá oibre

*NÍ BHANEANN AN TAIRISCINT LE HÍOCAÍOCHTAÍ LÁNPHRAGHAIS AMHÁIN AGUS NÍ FÉIDIR Í A CHUR LE CHÉILE LE LASCAINÍ NÓ CUR CHUN CINN EILE.

Líon
Féach na sonraí iomlána