Pachamama
Tessa an Chaora Titanic – Dealbh Bheag
Tessa an Chaora Titanic – Dealbh Bheag
Seo í Tessa Mhór – máthair na dTessanna uilig!
Céard is breá linn faoi chaoirigh? Chuile shórt!
Tá Tessa ar ais, agus í níos mó ná riamh! Leis an gcóta greannmhar atá uirthi, déanta as liathróidí feilte ildaite, cuirfidh an chaora mhór ghleoite seo meangadh gáire ort. Is cinnte go seasfaidh sí amach cibé áit a gcuirfidh tú í!
Maisiúchán álainn í Tessa a chuirfidh dath agus spraoi le do theach, agus bheadh sí ina bronntanas iontach do dhuine ar bith a bhfuil grá aige do chaoirigh!
Tá Tessa déanta de láimh as olann 100% i Neipeal, de réir phrionsabail na Cóirthrádála.
Sonraí an Táirge
- Airde: Thart ar 11cm
- Fad: Thart ar 13cm
- Meáchan: Thart ar 150g
- Ábhar: Olann fheiltithe 100%
- Feiltithe de láimh
- Cóta ildaite déanta as liathróidí feilte
- Níl sí oiriúnach le húsáid mar stopallán dorais mar gheall ar a méid agus a meáchan.
- Is le haghaidh maisiúcháin amháin atá an táirge seo agus ní bréagán é.
- Níl sé oiriúnach do pháistí faoi bhun 36 mí d’aois mar gheall ar pháirteanna beaga.
- Cóirthrádáil: Déanta de láimh i Neipeal.
Postas & Tuairisceáin
Postas & Tuairisceáin
Éire
An chéad lá oibre eile de ghnáth ach uaireanta is féidir go dtógfaidh sé 2 lá. Má tá tú i do chónaí gar don Spidéal, cén fáth nach dtiocfá isteach agus nach mbailifeá é.
Tuaisceart Éireann
2-4 Lá oibre
Seachadadh Idirnáisiúnta
An Ríocht Aontaithe: 3-5 lá oibre
An Eoraip: 3-7 lá oibre
SAM: 7-14 lá oibre
An Chuid Eile den Domhan: 7-21 lá oibre
Níorbh fhéidir infhaighteacht bailithe a lódáil

Ar fáil freisin...
-
Díolta AmachUisce Beatha Fuisce - Fleascán Póca
Gnáthphraghas €20,50GnáthphraghasPraghas díola €20,50Díolta Amach -
Vintage Ireland - Cupán
Gnáthphraghas €11,99GnáthphraghasPraghas díola €11,99 -
Beidh Mé Réidh Tar Éis an Tae - Cupán
Gnáthphraghas €11,99GnáthphraghasPraghas díola €11,99 -
Cúla Búla - Cupán
Gnáthphraghas €11,99GnáthphraghasPraghas díola €11,99